Access Keys:

 
 
Bunscoil Cholmcille & Naíscoil Dhoire

Foghlaim taobh amuigh le Rang a hAon (Outdoor learning with Primary 1)

13th Dec 2021

Cuirtear an bhéim ar fhoghlaim taobh amuigh i mBunscoil Cholmcille. Tá gairdín agus páirc adhmaid againn do na páistí agus bíonn deiseanna acu súgradh ann gach lá. Bíonn siad páirteach i ngníomhaíochtaí difriúla agus bíonn neart deiseanna acu scileanna oll-luaileacha agus comhordaithe s'acu a fhorbairt. Chomh maith le sin tá siad ag foghlaim faoi neamhspleáchas, comhroinnt, comhoibriú agus ag foghlaim faoi na séasúir. 

In Bunscoil Cholmcille we place great emphasis on outdoor learning. We have a garden and a wooden park for the children and they have opportunities to play and learn in them every day. They are always involved in different activities that promote independence, sharing and working together. They have many opportunities to develop their gross-motor skills and their co-ordination. They also learn about the seasons.