Access Keys:

 
 
Bunscoil Cholmcille & Naíscoil Dhoire

History

Bá é an pobal féin a spreag forbairt an oideachais lán-Ghaeilge nuair a léirigh tuismitheoirí a mian le Gaeloideachas a fháil dá gcuid páistí i nDoire Cholmcille. Ba iad triúr tuismitheoir a shocraigh an cheist a iniúchadh, mar a bhí, An tUas. Breandán Ó Sándair, An tUas. Tomás Ó Donghaile agus An tUas. Pádraig Ó Mianáin. Chas siad ar Easpag na cathrach, An tEaspag E. Ó Dálaigh, agus is de thairbhe an chruinniú sin a thosaigh cúrsaí pleanála don tionscnamh.

Mar thoradh ar obair choiste forbartha d'oscail an dara tionscnamh lánGhaeilge i dTuaisceart na hÉireann mar aonad i mBunscoil Bhaile Stíl sa bhliain 1983 agus ba é an chéad tionscnamh tumoideachais le bheith maoinithe i dTuaisceart na hÉireann. D'oscail an scoil le 24 páiste thar réimse ceithre bhliainghrúpa, R1 go R4, le múinteoir amháin, Majella In. Uí Mhaoine, faoi cheannaireacht An Uas. Shéamuis Uí Coinn i dtosach agus ina dhiaidh sin faoi stiúradh An Uas. Sheosaimh Uí Mháirtín.

D'fhás an t-Aonad ó bhliain go bliain go dtí deich mbliana ina dhiaidh sin nuair a ghlacadh an cinneadh go bhfágfadh an t-Aonad lán-Ghaeilge an mháthairscoil Bhéarla agus go mbunófaí Gaelscoil úr neamhspleách darbh ainm Bunscoil Cholmcille. I mí Mheán an Fhómhair 1993 d'oscail Bunscoil Cholmcille le 183 páiste agus foireann oidí de naonúr. Sa bhliain 2002 bunaíodh seirbhís úr naíscolaíochta,Naíscoil Dhoire, ar shuíomh na bunscoile fosta agus tá tuilleadh eolais ar an Naíscoil ar leathanach eile.

It was the community itself that aspired to Irish-medium education when parents expressed a desire for education through Irish for their children in Derry City. Three parents decided to investigate the possibilities, namely, An tUas. Breandán Ó Sándair, An tUas. Tomás Ó Donghaile and An tUas. Pádraig Ó Mianáin. They met with the Bishop of Derry, Bishop Edward Daly, and as a result of that meeting the planning began for the initiative.

As a result of the work of the development committee the second Irish-medium initiative in N. Ireland opened as a unit in Steelestown P.S. in 1983 and it was the first Irish-medium project to be funded in Northern Ireland. The school opened with 24 pupils ranging over four year groups, from P1 to P4, with one teacher, Majella Maynes, under the leadership of Mr. James Quinn later succeeded by Mr. Joseph Martin.

The Unit grew year on year until ten years later the decision was taken that the Irish-medium Unit would separate from the English language mother-school and a new independent Irish-medium school would be established called Bunscoil Cholmcille. In September 1993 Bunscoil Cholmcille opened with 183 children and astaff  of nine teachers.

In the year 2002 a new pre-school service was established, Naíscoil Dhoire, on the grounds of the primary school and further information on the Naíscoil is available on another page.